Stay In Touch With Us Coaching Videos

Ár gCluichí, Ár Laochra #26 – Ciana Ní Churraoin

Le Jamie Ó Tuama

Is í Ciana Ní Churraoin atá faoi chaibidil againn san eagrán is deireanaí seo de ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’ agus 20 ceist sciobthaí á gcur againn ar laoch mór Chumann Mhicheál Breathnach agus na Gaillimhe. Pearsa spóirt dochreidte maith í Ciana atá tar éis peil agus camógaíocht a imirt ar fhoirne éagsúla de chuid na Gaillimhe agus atá anois ar cheann de na himreoirí liathróid láimhe is fearr sa tír.

Agus í ag caint ar a teanga dhúcháis, dúirt Ciana:

'Is cúis bhróid é domsa go bhfuil an Ghaeilge agam agus gur as ceantar Gaeltachta dom. Níl tada níos fearr ná na himreoirí óga a chloisteáil amuigh ar an bpáirc ag labhairt lena chéile as Gaeilge agus go mbíonn mo chumann ag obair trí mhéan na Gaeilge.'

--

(Ciana Ní Churraoin, 8 Márta, 2021)

Seo mar a d’fhreagair Ciana ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Ciana Ní Churraoin

Aois: 24

Club: Míchéal Breathnach

Contae: Gaillimh

An scannán is fearr leat? Harry Potter

An leabhar si fearr atá léite agat? The Mindful Athlete le George Mumford

An banna ceoil is fearr leat? Westlife

An áit is fearr leat? Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An bia is fearr leat? Leite (bíonn sé agam don bhricfeasta agus sula dtéim a chodladh).

Clár teilifíse is fearr leat? Faoi láthair: Bridgerton agus Grey’s Anatomy

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Paul Brady

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt le foireann na mbuachaillí ó bhí mé 7 bliain d’aois.

An chéad uair a ndearna tú ionadaíocht ar do chontae: faoi 14 sa bpeil agus sa gcamógaíocht

An t-imreoir is fearr le himirt leat:

Liathróid Láimhe: Aisling Reilly

Peil: Louise Ward

Camógaíocht: Adhna Ní Bhraonáin

An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh:

Aisling Reilly, Martina McMahon, agus Catriona Casey…. tá sé deacair piocadh eatarthu

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh:

Liathróid Láimhe: an chéad chluiche i gcluiche ceannais an US Open i 2019

Peil: Cluiche Ceannais Mionúir na hÉireann i 2014

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: ag buachaint cluiche ceannais i ngach aoisghrúpa ó faoi 14 - mionúir sa bpeil ghaelach.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo:

Liathróid Láimhe: Ag buachaint comórtas oscailte san aon bhalla i 2019.

Peil: Ag buachaint chraobh an chondae i 2014

Camógaíocht: A bheith mar chaptaen ar fhoireann mionúir na Gaillimhe i 2014

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo:

Mo mhuintir

Aon chomhairle agat d’imreoirí óga?

Trí rud:

Cuimhnigh gur féidir le haon duine dul chun cinn a dhéanamh

Ní gá duit a bheith ar an imreoir is fearr…tá ról ag gach duine

Bain sult as

Aon chaitheamh aimsire eile?

Táim ag treanáil do mharathón faoi láthair.

Laoch spóirt agat taobh amuigh de CLG?

Roger Federer

--

Gluais / Glossary

pearsa spóirt – sports personality

teanga dhúcháis – native language

cúis bhróid – cause of pride

ceantar Gaeltachta – Gaeltacht area

leite - Porridge

comórtas oscailte – open competition

mo mhuintir – my people

cuimhnigh – remember