Stay In Touch With Us Coaching Videos

Cultur Agus Gaeilge

Tá sé mar aidhm ag Cumann Lúthchleas Gael tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, damhsa Gaelach, ceol, amhránaíocht agus cultúr Gaelach…

Tarraing anuas Oifigigh Cultúr agus Teanga 2013.

Tá sé mar aidhm ag Cumann Lúthchleas Gael tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, damhsa Gaelach, ceol, amhránaíocht agus cultúr Gaelach i gcoitinne.

Chun an ról sin a chomhlíonadh tá struchtúr curtha i bhfeidhm i gCumann Lúthchleas Gael.

Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh chun polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil.

Tá Coistí bunaithe i ngach Cúige agus i ngach Contae.

Faoi láthair tá sé éigeantach go mbeadh Oifigeach Gaeilge/Cultúr i ngach Club sa tír.

Chun cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin tá dhá leabhar – An tOifigeach Gaeilge sa Chlub agus Leabhrán Téarmaí Gaeilge – foilsithe ag an gCoiste Náisiúnta, agus tá a lán ábhair eolais eile le fáil ó Pháirc an Chrócaigh.

Tugann An Coiste Náisiúnta cabhair agus tacaíocht do eagrais eile atá ag obair chun an Gaeilge a chur chun cinn.

Is féidir breis eolais a fháil ó Pháirc an Chrócaigh - 01 8192385