Stay In Touch With Us Coaching Videos

Ár gCluichí, Ár Laochra #24 – Aisling Reilly

Le Jamie Ó Tuama (GAA.ie)

San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar Aisling Reilly. Tá Aisling i measc na n-imreoirí liathróid láimhe is fearr sa domhan agus tá dhá Chraobh Dhomhanda buaite aici go dtí seo chomh maith leis an iliomad teideal eile.

Ba mhór an pléisiúr dom labhairt léi le gairid.

‘Tá ról lárnach ag an Ghaeilge i mo shaol. Tógadh fríd an Ghaeloideachas mé anseo i mBéal Feirste áit a bhfuil mé faoi láthair. Úsáidim an Ghaeilge gach uile lá agus is í an Ghaeilge atá mar príomhtheanga agam san obair agus sa tsaol.’

(Aisling Reilly, Feabhra 2021)

Is mar seo e leanas a d’fhreagair Aisling ár gcuid ceisteanna:

Ainm: Aisling Reilly

Aois: 32

Club: Cumann Naomh Pól, Béal Feirste

Contae: Aontroim

An scannán is fearr leat? The Blind Side nó Harry Potter 3,4,5,6,7,8

An banna ceoil is fearr leat? Meascán de gach rud. Tá seinnliosta fíormheasctha agam.

An áit is fearr leat? Thar sáile - An Phortaingéil. Sa bhaile seachas Bóthar Bhaile Andarsan – Na Dúnaibh, Dún na nGall.

An bia is fearr leat? Bradán nó Stéig & Prátaí Brúite.

Clár teilifíse is fearr leat? Gogglebox

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Paul Brady i liathróid láimhe.

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag amharc ar Naomh Pól i gcluichí sinsir peile agus iománaíochta i bPáirc Mhic Asmaint.

An chéad uair a ndearna tú ionadaíocht ar do chontae: D’imir mé mo chéad chluichí don chontae i gCraobh na hÉireann nuair a bhí mé 11 bliana d’aois.

An t-imreoir is fearr le himirt leat: Martina McMahon – Imríonn an bheirt againn mar fhoireann ‘doubles’ go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

An t-imreoir is fearr le himirt i d’aghaidh: Déarfainn Martina arís go háirithe ar na mallaibh.

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Cluiche Ceannais Chraobh an Domhain i 2012. Bhí sé speisialta maith mo chéad cheann a bhaint os comhair mo chairde agus mo chlainne.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: An chéad Chraobh na hÉireann sinsir a bhain mé déarfainn.

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Bhain mé cúpla Craobh Uladh i bpeil na mban le grúpa cairde agus mo dheirfiúr ina measc. Is cuimhin liom tacaíocht ollmhór a fháil ó gach ball de chuid an chumainn nuair a bhí an bua againn.

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Bean darbh ainm Mary Lindsay. Ba í mo chéad chóitseálaí i liathróid láimhe nuair a bhí mé 9/10 agus rinne sí cinnte go raibh foghlaim agus an craic againn nuair a bhí muid óg. Tá sí go fóill ag dul do thraenáil na bpáistí sa spórt sa lá atá inniu ann.

Aon chomhairle agat d’imreoirí óga? Is cuma cén aois thú nó cad é atá bainte agat, tá spás le forbairt agus foghlaim i gcónaí. Nuair a shíleann tú nach bhfuil…tá tú i dtrioblóid. Bí díograiseach agus tiocfaidh na buanna.

Aon chaitheamh aimsire eile? Ba ghnách liom peil agus camógaíocht a imirt nuair a bhí mé níos óige sular éirigh mé as le béim a chur ar liathróid láimhe. Taobh amuigh de sin is breá liom a bheith ag siúl na sléibhte.

Laoch spóirt agat taobh amuigh de CLG? Tá sé deacair gan Serena Williams a lua ó thaobh an tionchair agus gach rud atá bainte aici sa spórt agus í go fóill ar lorg an chéad ceann eile.

--

Gluais / Glossary

  • Craobh Domhanda – World Championship
  • iliomad – multitude
  • ról lárnach – central role
  • Gaeloideachas – Irish-medium Education
  • príomhtheanga – main language
  • seinnliosta fíormheasctha – very mixed playlist
  • prátaí brúite – mashed potato
  • ar na mallaibh – lately
  • Craobh an Domhain - World Championship
  • a bhaint – to win
  • tacaíocht ollmhór – massive support
  • díograiseach – dedicated
  • béim – emphasis
  • ag siúl na sléibhte – mountain walking
  • tionchar – influence
  • ar lorg – seeking