Sixth Annual One Wall Tournament
“One Wall on the Rock” Inis Mór
13th - 15th May 2016
The only offshore handball competitions in Ireland will be held again this year on Inis Mór, the largest of the three Aran Islands in County Galway. All the big winners from last year are sure to be back to defend their prestigious titles.
In last year’s Ladies Open competition, Catriona Casey was the eventual winner in a closely fought battle against Ciana Ní Churraoin. The Men's Open saw what was possibly the most exciting final since the tournament began six years ago with C.J. Fitzpatrick eventually overcoming Paudie Quish.
We are looking forward to welcoming all our handballing friends back to the island again this year to what promises to be a feast of handball and a fun-filled weekend. As always, we expect big numbers in all competitions so make sure to have your entries in on time (15th April 2016). A list of accommodation is attached. Island Ferries are offering a special rate to handballers who pre-book before 5th May 2016.
Beidh an t-aon fhéile Liathróid Láimhe a tharlaíonn ar oileán mara ar siúl in Inis Mór, Co. na Gaillimhe arís i mbliana. Is cinnte go mbeidh mórbhuaiteoirí na bliana anuraidh ar ais chun a gcraobha a chosaint.
Anuraidh i gComórtas na mBan, is ag Caitríona Casey a bhí an bua ar deireadh tar éis sárchoimhlinte le Ciana Ní Churraoin. Bhí an cluiche ceannais i gComórtas na bhFear ar an mbabhta ba spreagúla ó cuireadh tús leis an dturnaimint sé bliana ó shin agus b’é C.J. Fitzpatrick a bhuaigh nuair a fuair sé an lámh ba láidre ar Paudie Quish.
Táimid ag tnúth go mór le fáiltiú roimh ár gcairde ar ais go hÁrainn i mbliana do dheireadh seachtaine lán le spóirt agus spraoi. Mar is gnách, táimid ag súil le slua mór sna comórtais agus ní mór go mbeadh na hiontrálacha go léir istigh in am (15 Aibreán 2016). Tá liosta tithe lóistín ceangailte. Tabharfaidh Island Ferries Teo. ráta speisialta do lucht Liathróid Láimhe chomh fada agus go gcuirfidh siad na ticéid in áirithe roimh 05 Bealtaine 2016.
Click Here for Ferry, Air and Accommodation Info